Cheannaigh a athair an chéad leoraí. Ceann beag a bhí inti. Bhí sé ag iompar lóid amach na Lagáin, thugadh sé amach lóid mhóna agus bhíodh lóid tornapaí nó fodair isteach leis. Dhíoladh sé na lóid a bhíodh leis amach. In am an chogaidh, bhí scéim bhaint na móna ag an Comhairle Contae agus bhíodh siad ag dul amach go Baile Suingean, chuireadh siad cuid den mhóin amach ar an traein ach chaitheadh siad vaigín a áirithiú agus corr uair ní bhíodh aon cheann le fáil agus chaitheadh siad lód an Chomhairle Contae a thiomáint amach go Baile Suingean agus ansin chuirtí ar thraen go Baile Átha Cliath í. Bhí leoraithe ag teacht as léir áiteanna an t-am sin leis an mhóin a thabhairt ar shiúl. Lód amháin sa lá a dhéanadh siad. £1 an tonna a bhí siad ag fáil agus ar an mheán bhí siad ábalta 6 nó 7 tonna a thabhairt amach. Bhí na bealtaí olc agus d’fhéadfadh siad a bheith contúirteach go leor in amanna. | 00:03:30 | |